Fanfaidh Scoileanna ETB Dhún na nGall Druidte go dtí an 31 Eanáir

Fanfaidh gach iar-bhunscoil de chuid ETB Dhún na nGall druidte do dhaltaí ar feadh an chéad trí seachtaine eile go dtí Dé Domhnaigh, 31 Eanáir.  Tá an ráiteas seo ón Aire Oideachais Norma Foley i bhfeidhm: https://www.gov.ie/en/press-release/09ea9-statement-from-minister-for-education-norma-foley-on-sustaining-the-safe-operation-of-schools-during-level-5-measures/ Tá sé riachtanach scoileanna a dhruid le bac a chur ar scaipeadh COVID-19, i ndiaidh don Taoiseach Micheál Martin an fógra seo a thabhairt Dé Céadaoin, 06 Eanáir (https://www.gov.ie/en/publication/2dc71-level-5/?referrer=http://www.gov.ie/level5/).

Beidh na cláir seo a leanas (atá ann cheana agus atá le teacht gan mhoill) laistigh de sholáthar agus de sheirbhísí tacaíochta Breisoideachais agus Oiliúna (FET) ETB Dhún na nGall ar líne ón Luan, 11 Eanáir 2021: Printíseachtaí, SDOG, BTEI, Cúrsaí Oiliúna atá á reáchtáil in ionaid & ar conradh agus cúrsaí oiliúna lae agus tráthnóna i sainscileanna.

Beidh an soláthar a bhaineann le Cumasóige, Ag Foghlaim don Saol agus Cláir Shainoiliúna ar líne den chuid is mó ach cuirfear tacaíocht bhreise ar fáil aghaidh ar aghaidh agus do ghrúpaí beaga i gcásanna ina bhfuil an tseirbhís sin riachtanach d’fholláine na mac léinn.

Maidir le gníomhaíochtaí a gcaithfidh duine a bheith ar an láthair le hiad a dhéanamh m.sh. cleachtaí saotharlainne, ranganna praiticiúla agus taispeántais agus scrúduithe nach féidir a reáchtáil go cianda, cuirfear siar iad agus déanfar athbhreithniú orthu ag deireadh mhí Eanáir.

Tá an ráiteas seo ón Aire Breisoideachais agus Ardoideachais Simon Harris i bhfeidhm:  https://www.gov.ie/en/press-release/40e4b-minister-harris-confirms-further-restriction-of-onsite-third-level-activity-in-response-to-deteriorating-covid-situation/.

Fanfaidh Oifigí Riaracháin ETB Dhún na nGall i Leitir Ceanainn agus gach Ionad FET druidte don phobal i gcoitinne.  Mar sin féin, leanfaidh na socruithe maidir le leanúnachas gnó ar aghaidh i dtaca le seirbhísí riachtanacha riaracháin, lena n-áirítear mic léinn, baill foirne agus soláthraithe a íoc, agus seirbhísí tacaíochta do mhic léinn. Amharc ar an nasc maidir le COVID-19 ar ár láithreán gréasáin fosta, le do thoil, le breis eolais agus sonraí teagmhála na foirne a fháil.

Impíonn ETB Dhún na nGall ar gach mac léinn, baill foirne, teaghlaigh agus cairde cloí le treoirlínte sláinte poiblí maidir le déileáil le COVID-19.

Scoileanna ETB Dhún na nGall:

  1. Gairmscoil na Mainistreach, Baile Dhún na nGall
  2. Coláiste Ailigh, Leitir Ceanainn
  3. Coláiste Chineál Eoghain, Bun Cranncha
  4. Coláiste na Carraige, An Charraig
  5. Coláiste Pobail Cholmcille, Toraigh
  6. Coláiste Cranncha, Bun Cranncha
  7. Coláiste na Daoile, Ráth Bhoth
  8. Coláiste an Eargail, Leitir Ceanainn
  9. Coláiste Ghleann na Finne, Srath an Urláir
  10. Gairmscoil Chú Uladh, Béal an Átha Móir
  11. Gairmscoil Mhic Diarmada, Árainn Mhór
  12. Coláiste Mhaigh Éne, Bun Dobhráin
  13. Coláiste Pobail Bhun an Phobail
  14. Coláiste na Maoile Rua, Baile na nGallóglach
  15. Gairmscoil Caitríona, Na Cealla Beaga

Ionaid Bhreisoideachais agus Oiliúna (FET) ETB Dhún na nGall:

  1. Ionad Breisoideachais & Oiliúna, Béal Átha Seanaidh
  2. Ionad Breisoideachais & Oiliúna, Bun Cranncha
  3. Ionad Breisoideachais & Oiliúna, Baile Dhún na nGall
  4. Ionad Breisoideachais & Oiliúna, Baile Dhún na nGall (Ardscoil na gCeithre Máistrí)
  5. Ionad Breisoideachais & Oiliúna, Gort an Choirce
  6. Ionad Breisoideachais & Oiliúna, Leitir Ceanainn
  7. Ionad Breisoideachais & Oiliúna, Baile na nGallóglach
  8. Ionad Breisoideachais & Oiliúna, Srath an Urláir (Gleann na Finne)
  9. Ionad Oiliúna ETB, Leitir Ceanainn (Baile Raithin)
  10. Ionad Oiliúna ETB, Gaoth Dobhair
  11. Ionad Cumasóige, Bun Cranncha
  12. Ionad Cumasóige, Gleann Gad
  13. Ionad Cumasóige, Leitir Ceanainn
  14. Ionad Cumasóige, Leifear
  15. Seirbhís Treorach d’Aosaigh (Leitir Ceanainn agus Baile Dhún na nGall)

Le breis eolais a fháil, le do thoil, déan teagmháil le ETB Dhún na nGall ar info@donegaletb.ie.

Tá breis eolais faoi ETB Dhún na nGall ar fáil ar an láithreán gréasáin seo (www.donegaletb.ie) agus ar ár gcuntais mheán sóisialta – Facebook, Twitter, Instagram, YouTube agus LinkedIn.