Leanúint de Sheirbhís ETB Dhún na nGall go dtí an 5 Aibreán

Fáiltíonn ETB Dhún na nGall roimh an chinneadh teagasc agus foghlaim ionscoile a thabhairt ar ais ina gcéimeanna, ag tosú Dé Luain, 1 Márta. Beidh mic léinn Ardteistiméireachta na bliana deiridh agus LCA ina iar-bhunscoileanna agus mic léinn Ardteistiméireachta sa dara bliain ina Ionad Breisoideachais agus Oiliúna i Leitir Ceanainn ag filleadh ar an seomra ranga. Táthar ag súil go bhfillfidh mic léinn iar-bhunscoile sa chúigiú bliain ar an 15 Márta agus go bhfillfidh gach scoláire eile ar an 12 Aibreán. Tá an méid sin ag tarlú i ndiaidh don Taoiseach Micheál Martin foilsiú phlean an Rialtais Teacht Aniar agus Téarnamh – An Plean maidir le maireachtáil le COVID-19 – An Cosán Chun Tosaigh (https://www.gov.ie/en/publication/c4876-covid-19-resilience-and-recovery-2021-the-path-ahead/) a fhógairt Dé Máirt, 23 Feabhra.  Baineann an ráiteas ón Aire Oideachais Norma Foley le hábhar fosta: https://www.gov.ie/en/press-release/d9c45-ministers-foley-and-madigan-welcome-the-phased-return-of-in-school-teaching-and-learning-for-students-commencing-monday-1-march/ .

Fanfaidh na cláir seo a leanas laistigh de sholáthar Breisoideachais agus Oiliúna (FET) agus seirbhísí tacaíochta ETB Dhún na nGall ar líne: Printíseachtaí, cúrsaí SDOG, BTEI, Cúrsaí Oiliúna atá á reáchtáil in ionaid agus ar conradh agus cúrsaí oiliúna lae agus tráthnóna maidir le sainscileanna.

Leanfaidh Cumasóige, Ag Foghlaim don Saol agus Sainchláir Oiliúna ar aghaidh ar líne den chuid is mó; tabharfaidh na cláir sin tacaíocht bhreise duine le duine agus do ghrúpaí beaga sa chás go bhfuil a leithéid riachtanach d’fholláine na mac léinn.

Fanfaidh Oifigí Riaracháin ETB Dhún na nGall i Leitir Ceanainn druidte don phobal i gcoitinne. Mar sin féin, leanfaidh na socruithe maidir le leanúnachas gnó ar aghaidh i dtaca le seirbhísí riachtanacha riaracháin, lena n-áirítear mic léinn, baill foirne agus soláthraithe a íoc. Amharc ar an nasc COVID-19 ar ár láithreán gréasáin fosta, le do thoil, le breis eolais agus sonraí teagmhála na foirne a fháil.

Impíonn ETB Dhún na nGall ar gach mac léinn, baill foirne, teaghlaigh agus cairde cloí le treoirlínte sláinte poiblí maidir le déileáil le COVID-19.

Scoileanna ETB Dhún na nGall:

  1. Gairmscoil na Mainistreach, Baile Dhún na nGall
  2. Coláiste Ailigh, Leitir Ceanainn
  3. Coláiste Chineál Eoghain, Bun Cranncha
  4. Coláiste na Carraige, An Charraig
  5. Coláiste Pobail Cholmcille, Toraigh
  6. Coláiste Cranncha, Bun Cranncha
  7. Coláiste na Daoile, Ráth Bhoth
  8. Coláiste an Eargail, Leitir Ceanainn
  9. Coláiste Ghleann na Finne, Srath an Urláir
  10. Gairmscoil Chú Uladh, Béal an Átha Móir
  11. Gairmscoil Mhic Diarmada, Árainn Mhór
  12. Coláiste Mhaigh Éne, Bun Dobhráin
  13. Coláiste Pobail Bhun an Phobail
  14. Coláiste na Maoile Rua, Baile na nGallóglach
  15. Gairmscoil Caitríona, Na Cealla Beaga

Ionaid Bhreisoideachais agus Oiliúna (FET) ETB Dhún na nGall:

  1. Ionad Breisoideachais & Oiliúna, Béal Átha Seanaidh
  2. Ionad Breisoideachais & Oiliúna, Bun Cranncha
  3. Ionad Breisoideachais & Oiliúna, Baile Dhún na nGall
  4. Ionad Breisoideachais & Oiliúna, Baile Dhún na nGall (Ardscoil na gCeithre Máistrí)
  5. Ionad Breisoideachais & Oiliúna, Gort an Choirce
  6. Ionad Breisoideachais & Oiliúna, Leitir Ceanainn
  7. Ionad Breisoideachais & Oiliúna, Baile na nGallóglach
  8. Ionad Breisoideachais & Oiliúna, Srath an Urláir (Gleann na Finne)
  9. Ionad Oiliúna ETB, Leitir Ceanainn (Baile Raithin)
  10. Ionad Oiliúna ETB, Gaoth Dobhair
  11. Ionad Cumasóige, Bun Cranncha
  12. Ionad Cumasóige, Gleann Gad
  13. Ionad Cumasóige, Leitir Ceanainn
  14. Ionad Cumasóige, Leifear
  15. Seirbhís Treorach d’Aosaigh (Leitir Ceanainn agus Baile Dhún na nGall)

Le breis eolais a fháil, le do thoil, déan teagmháil le ETB Dhún na nGall ar info@donegaletb.ie .

Tá breis eolais faoi ETB Dhún na nGall ar fáil ar an láithreán gréasáin seo (www.donegaletb.ie) agus ar ár gcuntais meán sóisialta – Facebook, Twitter, Instagram, YouTube and LinkedIn.