D’éirigh go geal le mic léinn ETB Dhún na nGall ag BTYSE 2022

Ciara Cannon

Bhí triúr mac léinn de chuid ETB Dhún na nGall i measc na ndaoine a bhain duaiseanna ag babhta ceannais Thaispeántas Eolaithe Óga BT 2022 a reáchtáladh ar líne Dé hAoine, 14 Eanáir 2022:

  1. Bhain Ciara Cannon, mac léinn de chuid Ghairmscoil na Mainistreach, an dara duais ina catagóir, Eolaíochtaí Bitheolaíocha agus Éiceolaíocha (Meánleibhéal), lena mionscrúdú ar ghníomhaíocht optamach fhrithmhiocróbach nanacháithníní.
  2. Moladh Hughie McShane, mac léinn de chuid Ghairmscoil na Mainistreach, go
    Hughie McShane

    hard sa chatagóir Teicneolaíocht (Meánleibhéal) as a thionscadal dar teideal ‘Aip le cuidiú le páistí a bhfuil diosgraife acu chun feabhas a chur ar a gcuid scríbhneoireachta’. Bhain sé duais taispeántais fosta don tionscadal chéanna a chruthaigh cluiche le cuidiú le monatóireacht a dhéanamh ar scileanna luaileacha daoine a bhfuil diosgraife acu, riocht nach bhfuil mórán taighde déanta air, riocht a chuireann isteach ar do chumas scríbhneoireachta agus ar do chumas cuimhne a choinneáil ar phatrún.

  3. Bhain Iseult Ní Mhathúna, mac léinn de chuid Choláiste Ailigh, an tríú háit sa chatagóir Shinsearach Eolaíochtaí Sóisialta agus Iompraíochta agus bhain sí an duais don tionscadal is fearr as Gaeilge fosta dá tionscadal ar na fachtóirí a bhfuil tionchar acu ar dhearcaí daoine óga maidir le hÉirinn Aontaithe.
Iseult Ní Mhathún

Bhí ceithre iontráil déag ó Dhún na nGall i mbliana agus mic léinn de chuid ETB Dhún na nGall a bhí freagrach as naoi gcinn acu. Daltaí de chuid Ghairmscoil na Mainistreach a bhí i gceist sna sé iontráil eile a raibh baint acu le ETB Dhún na nGall agus seo a leanas na sonraí cuí:

  1. Sramaí seilide a úsáid mar chóireáil ar dhaoine in aghaidh soiriáise – Eolaíochtaí Bitheolaíocha & Éiceolaíocha (Grúpa)
  2. An spreagann ambasadóirí ábhar daoine le tabhairt faoi ábhair ar leith ag leibhéal na hArdteistiméireachta? – Eolaíochtaí Sóisialta & Iompraíochta (Duine Aonair)
  3. An modh is éifeachtaí le himní a laghdú i measc daltaí meánscoile i ndiaidh Covid-19 – Eolaíochtaí Sóisialta & Iompraíochta (Grúpa)
  4. Ciotach clean – Teicneolaíocht (Duine Aonair)
  5. Coinneálaí gléis mhóibíligh phearsanta le haghaidh timpeallachtaí leighis – Teicneolaíocht (Duine Aonair)
  6. Solas disléicse atá rud beag difriúil – Teicneolaíocht (Grúpa)

Ba mhaith le ETB Dhún na nGall comhghairdeas a dhéanamh leis na daltaí uilig a bhí páirteach i BTYSE 2022.