Comhordaitheoir Úr Oideachais Bhunata Ceaptha ag ETB Dhún na nGall

Image of person
Image of person
Comhordaitheoir Oideachais Bhunata úrcheaptha ETB Dhún na nGall, Teresa Kealy.

Tá Comhordaitheoir úr Oideachais Bhunata, Teresa Kealy, ceaptha ag Bord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall (ETB).

Tá Teresa ag dul isteach i bhfoireann de chúigear Eagraithe Litearthachta Aosaigh (ELAnna) ar fud an chontae sa tSeirbhís Breisoideachais agus Oiliúna, ag cur teagasc ar fáil d’aosaigh maidir le litearthacht, uimhearthacht, scileanna digiteacha, foghlaim teaghlaigh agus Béarla do Chainteoirí Teanga Eile (BCTE).

Is as Leitir Ceanainn ó dhúchas di Teresa agus roimhe seo d’oibrigh sí le Coiste Gairmoideachais/ETB Chathair Bhaile Átha Cliath sna cláir iar-bhunscolaíochta agus SDOG agus le Bainistíocht Sócmhainní Bhanc na hÉireann i mBaile Átha Cliath. Nuair a d’aistrigh sí go Dún na nGall arís, chuaigh Teresa isteach san fhoireann atá freagrach as an chlár Ag Foghlaim don Saol mar theagascóir deonach agus bhí roinnt ról aici ina dhiaidh sin le Seirbhís FET ETB Dhún na nGall sna réimsí seo a leanas: SDOG, Aitheantas Réamhfhoghlama (RPL), Dearbhú Cáilíochta agus Airgeadas.  Tá Baitsiléir Tráchtála (Onóracha) agus Máistreacht Staidéar Gnó san Airgeadas aici ón Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath.  Bronnadh Dámhachtain Shainchuspóireach Leibhéal 9 in Aitheantas Réamhfhoghlama (RPL) uirthi le gairid fosta.

Agus í ag caint faoina ceapachán úr, dúirt Teresa “Tá mé ag súil go mór le bheith ag obair leis an fhoireann Litearthachta d’Aosaigh agus leis an chlár Ag Foghlaim don Saol atá go mór chun tosaigh i roinnt mhaith tionscnamh áitiúil agus náisiúnta le fada an lá. Creidim go láidir go bhfuil litearthacht, uimhearthacht agus inniúlacht dhigiteach chomh tábhachtach sin ar gach leibhéal foghlama agus do gach duine laistigh dár bpobail áitiúla. Is minic gurb é sin an chéad phointe teagmhála a bhíonn ag daoine leis an tSeirbhís FET agus tá lúcháir orm a bheith mar pháirt d’fhoireann láidir a bheidh ag obair leis an tacaíocht agus na hacmhainní cuí a chur ar fáil le freastal ar riachtanais ár gcuid mac léinn.”

Agus í ag tréaslú a ceapacháin le Treasa, dúirt Stiúrthóir Breisoideachais agus Oiliúna ETB Dhún na nGall, Ciaran O Brien, “Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh le Teresa as a ceapachán. Tá oideachas bunata mar bhunchuid den tSeirbhís Breisoideachais agus Oiliúna i nDún na nGall. Tá Teresa ag tabhairt an-chuid taithí léi chuig an phost agus tá mé breá muiníneach go gcuirfidh sí go mór le forbairt bhreise an oideachais bhunata ar fud an chontae.”

Cuirfidh Teresa tús lena post an mhí seo agus beidh sí lonnaithe in Ionad Breisoideachais agus Oiliúna Bhaile na nGallóglach. Is féidir teagmháil a dhéanamh léi ag an ionad ach scairt a chur ar 074 91 53194 nó trí ríomhphost a chur chuig teresakealy@donegaletb.ie.