Comhordaitheoir Úr Ceaptha le Seirbhís Treorach d’Aosaigh ETB Dhún na nGall a Bhainistiú

Image of person.
Comhordaitheoir úrcheaptha Sheirbhís Treorach agus Eolais d’Aosaigh ETB Dhún na nGall, Eileen Patton..

Ceapadh Comhordaitheoir úr, Eileen Patton, le bainistíocht a dhéanamh ar an tSeirbhís Treorach agus Eolais d’Aosaigh, seirbhís atá curtha ar fáil ag Bord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall (ETB) trína Sheirbhís Breisoideachais agus Oiliúna (FET).

Cuireann an tSeirbhís Treorach agus Eolais d’Aosaigh eolas, comhairle, treoir agus comhairliúchán neamhchlaonta agus rúnda ar fáil d’aosaigh maidir leis na roghanna oideachais atá ann laistigh d’ETB Dhún na nGall agus le soláthraithe oideachais eile chomh maith.

Baineann tuairim is 1,500 aosach agus duine óg leas as an tseirbhís gach bliain.

Is as Droim Caoin ó dhúchas di Eileen agus tá sí ag obair le ETB Dhún na nGall ón bhliain 2017 mar Threoirchomhairleoir i nDeisceart Dhún na nGall. Roimhe sin d’oibrigh sí le FSS ar feadh cúig bliana déag. Tá réimse cáilíochtaí aici mar atá: Céim Máistir sa Treoirchomhairleoireacht agus Forbairt Tréimhse Saoil ó Ollscoil Luimnigh, Céim Máistir sa Ríomhaireacht agus Córais Faisnéise ó Ollscoil Uladh agus Baitsiléir sa Staidéar Gnó ó Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh, Dún na nGall.

Bainisteoidh Eileen foireann de thriúr treoirchomhairleoirí agus foireann tacaíochta bhreise, agus iad ag tacú le haosaigh chun na cinntí cearta a dhéanamh maidir le filleadh ar an oideachas agus oiliúint agus ag cuidiú leo na cinntí sin a dhéanamh laistigh de chomhthéacs a saoil ina iomláine.

Agus í ag caint faoina ceapachán úr, dúirt Eileen, “Tá lúcháir orm a bheith ábalta tabhairt faoin ról seo mar Chomhordaitheoir Treorach d’Aosaigh le Seirbhís Treorach agus Eolais d’Aosaigh ETB Dhún na nGall agus tógáil ar an obair mhór mhaith atá déanta ag comhghleacaithe a bhí ag treabhadh sa ghort sin romhamsa. Tá mé paiseanta faoin obair a dhéanann muid, ag cur seirbhís iomlánaíoch agus duine-láraithe ar fáil le tacú lenár gcuid mac léinn agus cliant ionas gur féidir leo barr a gcumais a bhaint amach i dtéarmaí a spriocanna oideachais, a spriocanna gairme agus a spriocanna pearsanta.

Tá mé tógtha faoin deis seo agus tá mé ag súil go mór le leanúint ar aghaidh le forbairt a dhéanamh ar ár soláthar seirbhíse i gcomhar le mo chomhghleacaithe gairmthreorach, an ETB ina iomláine agus na gníomhaireachtaí agus na heagraíochtaí seachtracha a dtéann muid i gcomhairle leo le labhairt ar son ár gcuid mac léinn agus cliant chun rochtain a fháil ar na tacaíochtaí is fearr dóibh agus na torthaí is fearr a bhaint amach dóibh.”

Agus é ag tréaslú le Eileen ar a ceapachán, dúirt Stiúrthóir Breisoideachais agus Oiliúna ETB Dhún na nGall, Ciaran O’Brien, “Tá ár Seirbhís Treorach agus Eolais d’Aosaigh ina gné lárnach den tSeirbhís FET, ag cuidiú le muintir Dhún na nGall cinntí eolasacha a dhéanamh maidir le filleadh ar an oideachas, cur lena gcuid scileanna nó scileanna úra a fhoghlaim le cur lena ndeiseanna fostaíochta. Cuirfidh ceapachán Eileen borradh mór faoin fhoireann, agus guím gach rath uirthi sa ról úr.”

Cuirfidh Eileen tús lena post an mhí seo.

Más mian leat coinne a dhéanamh le bualadh le treoirchomhairleoir, cuir scairt ar 074 9178088. De rogha air sin, comhlánaigh an fhoirm ghréasáin ghairid seo agus beidh ball foirne i dteagmháil leat: https://www.donegaletb.ie/further-education-training/adult-guidance/.