Beartais agus Nósanna Imeachta

Beartais agus Nósanna Imeachta Oidhreachta um Dhearbhú Cáilíochta

I ndiaidh Choiste Gairmoideachais Dhún na nGall agus iarSheirbhísí Oiliúna SOLAS i Leitir Ceanainn a chónascadh, tá ETB Dhún na nGall ag oibriú faoi láthair faoi dhá chomhaontú oidhreachta le Dearbhú Cáilíochta agus Cáilíochtaí Éireann (DCCÉ), an ghníomhaireacht stáit neamhspleách atá freagrach as cáilíocht agus cuntasacht a chur chun cinn i seirbhísí oideachais agus oiliúna in Éirinn (tuilleadh eolais ar fáil ar www.qqi.ie).

Chun críocha faisnéise, tá liosta de na doiciméid acmhainne a bhaineann leis na Comhaontuithe Oidhreachta DC ar fáil anseo thíos:

D’fhoilsigh DCCÉ  Croí-Threoirlínte Reachtúla DCCÉ maidir le DC i mí Aibreáin 2016, agus  Treoirlínte Earnáilsonracha do ETBanna i mí Bealtaine 2017. Tá ETB Dhún na nGall ag obair anois chun córas comhtháite um dhearbhú cáilíochta a fhorbairt don eagraíocht.

Chun teacht ar bheartais agus nósanna imeachta DC a bhaineann go sonrach le gach ionad Breisoideachais agus Oiliúna de chuid ETB Dhún na nGall faoi na comhaontuithe oidhreachta, déan teagmháil dhíreach leis an ionad i gceist. Tá na sonraí teagmhála ar fáil anseo.

Beartais agus Nósanna Imeachta Athbhreithnithe um Dhearbhú Cáilíochta

Is tionscadal fadtéarmach de chuid ETB Dhún na nGall é réimse cuimsitheach comhpholasaithe agus comhnósanna imeachta um dhearbhú cáilíochta a fhorbairt; de réir mar a dhéanann an struchtúr rialachais iomchuí comhpholasaithe agus comhnósanna imeachta nua a fhorbairt agus a fhaomhadh, foilseofar ar an leathanach seo iad, agus tiocfaidh siad in ionad na mbeartas agus na nósanna imeachta aonair atá ar fáil faoi láthair.

Need some advice on choosing the correct path to education? Our Adult Guidance service can help you!