Rialachas agus Bainistíocht

Dearbhú Cáilíochta a Rialú agus a Bhainistiú

Struchtúir Tuairiscithe agus Bainistíochta na Seirbhíse Breisoideachais agus Oiliúna

Úsáideann Seirbhís Bhreisoideachais agus Oiliúna (FET) ETB Dhún na nGall struchtúr bainistíochta feidhmiúcháin. Cuireann an Fhoireann Ardbhainistíochta FET treorú straitéiseach ar fáil faoi láthair, agus déanann siad tuairisciú don Stiúrthóir FET freisin.

Ligeann an struchtúr seo d’acmhainn chinnteoireachta feidhmiúcháin na Foirne Ardbhainistíochta FET tuairisciú a dhéanamh d’Fhóram an Phríomhfheidhmeannaigh/Stiúrthóra. Ina dhiaidh sin, tuairiscíonn an Príomhfheidhmeannach don Bhord ETB chun an t-eolas is déanaí a thabhairt maidir le forbairtí laistigh de FET, chomh maith le cúrsaí eile.

Struchtúr Rialachais agus Téarmaí Tagartha um Dhearbhú Cáilíochta

Tá forbairtí ar siúl faoi láthair chun struchtúir, beartais agus nósanna imeachta nua a fhorbairt chun rialachas dearbhú cáilíochta a bhainistiú, i gcomhréir le ceanglais Chroí-Threoirlínte agus Threoirlínte Earnála DCCÉ. Leagtar amach an struchtúr rialachais um Dhearbhú Cáilíochta a bhaineann le Seirbhís FET ETB Dhún na nGall anseo. Tá na liostaí ballraíochta a bhaineann leis na grúpaí rialachais DC, lena n-áirítear an Fo-Choiste DC agus an Chomhairle Cáilíochta, mar aon le hachoimre ar na téarmaí tagartha a bhaineann le gach grúpa ar leith ar fáil anseo.

Forbairt Cláir

Faoi láthair, is féidir le hIonaid ETB Dhún na nGall nó catagóirí soláthair Breisoideachais agus Oiliúna a dteastaíonn uathu clár/modúl a fhorbairt togra i dtaobh forbartha a dhéanamh d’Fhoireann Ardbhainistíochta Breisoideachais agus Oiliúna. Ansin, déanfaidh an Fhoireann sin breithniú ar cibé an bhfuil an fhorbairt i gcomhréir le cuspóirí aitheanta na heagraíochta agus straitéisí náisiúnta. Déantar forbairt, faomhadh agus taisceadh clár, cúrsaí agus cáilíochtaí nua a ullmhú agus a chur isteach tríd an bhFochoiste Clár, a dhéanann na hiarratais seo ar chláir agus cúrsaí nua nó leasaithe a athbhreithniú agus a mholadh ansin don Chomhairle Cáilíochta.

Tá ETB Dhún na nGall tiomanta don tsamhail forbartha clár seo a fheabhsú i gcomhréir le critéir DCCÉ um bailíochtú clár agus tá Beartas Forbartha agus Faomhadh Clár bunaithe acu.

Earcaíocht Foirne agus Forbairt Ghairmiúil ETB Dhún na nGall

Tá ETB Dhún na nGall tiomanta do chothroime, comhionannas agus trédhearcacht i ngach próiseas a bhaineann le hearcaíocht foirne. Is í an Roinn Oideachais nó SOLAS a cheadaíonn poist agus líontar iad trí phróiseas foirmiúil earcaíochta agus roghnúcháin.

Tá inniúlacht ghairmiúil fhoireann ETB Dhún na nGall lárnach do chumas na Seirbhíse FET freagairt do riachtanais mac léinn agus fostóirí. Agus an nasc láidir idir forbairt foirne agus cáilíocht an oideachais agus oiliúna á aithint aige, cuireann ETB Dhún na nGall réimse deiseanna gairmiúla ar fáil do bhaill foirne. Ceadaíonn na deiseanna sin dóibh feabhas a chur lena scileanna agus lena n-inniúlachtaí, agus modheolaíochtaí nua-aimseartha teagaisc amhail Dearadh Uilíoch don Fhoghlaim a úsáid. Le linn phaindéim COVID-19, cuireadh oiliúint san Fhoghlaim le Cuidiú Teicneolaíochta ar fáil do bhaill foirne a bhí i mbun Cianteagasc Éigeandála.

Bainistíocht Faisnéise

Tá beartais um chosaint sonraí i bhfeidhm ag ETB Dhún na nGall chun cloí le reachtaíocht reatha. Is ag daoine ainmnithe agus údaraithe amháin a bhíonn rochtain ar bhunachair sonraí ar mhaithe le sonraí a chur isteach in ionaid áitiúla agus ar mhaithe le tuairisciú a dhéanamh, de réir mar is cuí, in ionaid áitiúla nó go lárnach laistigh de ETB Dhún na nGall.

Need some advice on choosing the correct path to education? Our Adult Guidance service can help you!