Cúrsaí ar líne

ETB DHÚN NA NGALL I GCOMHAR LE eCollege

Cuidíonn ETB Dhún na nGall le cur chun cinn eCollege tríd an straitéis níos leitheadaí de chuid an Bhoird Oideachais agus Oiliúna maidir le Foghlaim le cuidiú Teicneolaíochta laistigh den earnáil. Mar chuid den straitéis seo, beidh an ETB ag leanúint de bheith ag obair i gcomhpháirtíocht le eCollege ar mhaithe le teagasc agus foghlaim a chur chun cinn laistigh d’iomlán ár gcuid cláracha agus cúrsaí breisoideachais agus oiliúna.

 

Tabhair cuairt ar www.college.ie

Cad is eCollege ann?

Is éard is eCollege ann instititiúid foghlama a chuireann cúrsaí oiliúna agus cianfhoghlama ar fáil ar líne i réimsí ar nós: gnó, bainistíocht tionscadal, SQL, Cisco, dearadh grafaic, dearadh suíomh gréasáin, margaíocht dhigiteach, forbairt bogearraí agus bunlitearthacht ríomhaireachta.

Tá na cúrsaí seo deartha le freagra solúbhtha a thabhairt ar na scileanna faoi leith atá de dhíth ar na daoine atá réidh don obair ach a bhfuil idirghabháil oiliúnta le teastasú de dhíth orthu le cuidiú leo dul isteach sa mhargadh fostaíochta arís.

Cad a fhaighim le Cúrsa eCollege?

Cé go gcuirtear na cúrsaí seo ar fáil go hiomlán ar líne tá tacaíocht thiomnaithe ó ríomhtheagascóir ar fáil i rith ár gcuid cúrsaí go léir ar bhonn laethúil.

Tá a lán buntáistí ag baint le bheith ag staidéar ar eCollege, iad seo ina measc:

  • Ábhair an chúrsa uilig san áireamh 
  • Tacaíocht ó RíomhTheagascóir cúig lá sa tseachtain
  • Trialacha cleachtaidh agus costais Scrúduithe san áireamh                           
  • Rochtain ar líne ar do chúrsa 24/7                 
  • Bogearraí ceadúnaithe (má bhaineann le hábhar) ar feadh fhad an chúrsa
  • Cáilíochtaí atá aitheanta ag earnáil na tionsclaíochta an toradh a bhíonn ag gach cúrsa                   
Cuireann Bord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall áiseanna tástála ar líne ar fáil ar an láthair i Leitir Ceanainn le haghaidh Microsoft, Adobe, CompTia, Digital Marketing Institute, Oracle agus formhór na ndíoltóirí teicneolaíochta faisnéise eile ar an láthair trí ardáin tástála Certiport agus Pearson Vue.   
Tig le fostaithe a scrúduithe cúrsa ríomhfhoghlama a chur in áirithe i gcomhar lena ríomhtheagascóir ag an ionad Breisoideachais agus Oiliúna i Leitir Ceanainn.