Upload Image...

Printíseachtaí

FOGHLAIM ÓN FHÍORSHAOL  

Tá ról an-tábhachtach ag fostóirí maidir le rath na bprintíseachtaí in Éirinn. Tá sé mar aidhm ag printíseachtaí an t-eolas, na scileanna agus na hinniúlachtaí cuí a thabhairt d’fhoghlaimeoirí ionas go mbeidh siad ábalta feidhmiú go héifeachtach mar fhostaithe agus go mbeidh an seans acu dul chun cinn agus a bheith ábalta aghaidh a thabhairt ar na riachtanais atá ag teacht chun cinn san ionad oibre agus ar na teicnící/teicneolaíochtaí úra atá in úsáid ina slí bheatha.

Ina theannta sin cuireann printíseachtaí fostaithe ar fáil d’earnáil na tionsclaíochta, fostaithe a bhfuil máistreacht faighte acu ar an eolas, ar na scileanna agus ar na hinniúlachtaí cuí a bhaineann lena slí bheatha.

Cad is Printíseacht ann?

Is éard is printíseacht ann clár oideachais agus oiliúna struchtúrtha a mheascann foghlaim san ionad oibre agus foghlaim in ionad oideachais nó oiliúna. Is déchóras atá ann, ar meascán cumaiscthe é d’oiliúint fhostóir-bhunaithe ar an láthair oibre agus oiliúint lasmuigh den láthair oibre, déchóras a dhéanann na nithe seo a leanas:

  • ullmhaíonn sé an rannpháirtí do shlí bheatha ar leith, agus 
  • cáilíocht atá aitheanta go náisiúnta ar an Chreat Náisiúnta Cáilíochtaí (NFQ) ó Leibhéal 5 – Leibhéal 10 an toradh a bhíonn air.

Fostaíonn fostóir faofa printísigh ar feadh fhad an chláir a mhaireann idir 2-4 bliana de ghnáth. De ghnáth, tá 50% den fhoghlaim ar a laghad bunaithe ar an láthair oibre sna cláir a chuireann cláir phrintíseachta ar fáil.

Tá printíseachtaí ar fáil sna hearnálacha seo a leanas: Tógáil, Leictreach, Innealtóireacht, Airgeadas, Fáilteachas, TFC, Lóistíocht, Bithchógaisíocht, Mótar/Carranna, Seirbhísí Maoine, agus tá i bhfad níos mó á bhforbairt.  Is féidir eolas breise a fháil ar www.apprenticeship.ie

Buntáistí d’Fhostóirí:

  • Tá printíseachtaí bunaithe ar chaighdeáin atá comhionann, réamhshonraithe agus aontaithe ag earnáil na tionsclaíochta;
  • Cloíonn printíseachtaí le riachtanais reatha na slí beatha atá roghnaithe mar aon leis na riachtanais a bheidh ann amach anseo; 
  • Trí scileanna, eolas agus inniúlachtaí a fhorbairt agus a mheas go córasach, éiríonn printísigh níos táirgiúla agus baineann siad amach na caighdeáin a bhaineann le hoibrithe éifeachtúla níos gaiste;

Is féidir le fostóirí ar mian leo printísigh a earcú a bhfolúntais a fhógairt ar  www.apprenticeshipjobs.ie.

Mar sin féin, sular féidir printíseacht a chlárú, ní mór d’fhostóirí teagmháil a dhéanamh leis an Fhoireann Printíseachtaí (sonraí thíos) lena chinntiú go bhfuil siad faofa le printísigh a earcú.

Tá eolas úsáideach d’fhostóirí ar fáil ar an láithreán gréasáin náisiúnta maidir le Printíseachtaí fosta.

Printíseachtaí ETB Dhún na nGall

Tá Foireann Printíseachtaí ETB Dhún na nGall freagrach as an chlár Printíseachta a riaradh laistigh d’ETB Dhún na nGall.

 

Sonraí Teagmhála

Lorraine Murray
Comhairleoir Sinsearach Oiliúna 

Claire Lernihan
Comhairleoir Sinsearach Oiliúna

Claire Gillespie
Oifigeach Tacaíochta Printíseachta

Laura Darby, Teresa Duffy
Oifigigh Chléireachais  

Vinny McGroary
Bainisteoir

Guthán: 074 9120500 / 087 1183137
Ríomhphost: apprenticeship@donegaletb.ie