Leas-Phríomhoide Úr Ceaptha i gColáiste Pobail Bhun an Phobail

Tá Caroline Doherty, Uasal ceaptha ag ETB Dhún na nGall mar Leas-Phríomhoide úr Choláiste Pobail Bhun an Phobail.

Tiocfaidh Caroline Doherty, Uasal in ionad an Uasail Eamonn Ryan atá ag éirí as ag deireadh mhí Dheireadh Fómhair i ndiaidh naoi mbliana déag i mBun an Phobail agus aon bhliain déag mar Leas-Phríomhoide sa Choláiste. Chaith Éamonn tréimhse trí bliana mar Phríomhoide Gníomhach an Choláiste fosta.

Tá Coláiste Pobail Bhun an Phobail ar cheann de na trí iar-bhunscoil atá á mbainistiú ag ETB Dhún na nGall in Inis Eoghain agus tá tuairim is 500 dalta ag freastal ar an scoil.

Is as Cluain Maine ó dhúchas di Caroline agus tá an-chuid taithí aici ar an iar-bhunoideachas i ndiaidh di Matamaitic a theagasc i gColáiste Pobail Ard Giolláin, Baile Brigín agus le déanaí i Scoil Mhuire, Bun Cranncha. Ina theannta sin, d’oibrigh Caroline leis an tSraith Shóisearach do Mhúinteoirí (JCT), sainseirbhís tacaíochta maidir le forbairt ghairmiúil leanúnach (CPD) de chuid na Roinne Oideachais agus Scileanna. Sa tseirbhís tacaíochta sin, dhírigh Caroline ar thacú le teagasc, ar fhoghlaim agus ar mheasúnú i Matamaitic mar ullmhúchán do thabhairt isteach an tsiollabais úir mar pháirt den tSraith Shóisearach.

Agus í ag caint faoina ceapachán, dúirt Caroline: “Tá mé ag tnúth le bheith ag obair le pobal na scoile uilig agus le leanúint ar aghaidh leis an obair iontach atá á déanamh i gColáiste Pobail Bhun an Phobail. Tá mé ag súil go mór leis an dúshlán úr a bhaineann leis an ról seo de réir mar a fhásfaidh agus a fhorbróidh an scoil sna blianta amach romhainn.  Dealraíonn sé gur tréimhse spreagúil agus spleodrach a bheidh ann.”

Agus é ag tréaslú le Caroline as a ceapachán, dúirt Stiúrthóir Scoileanna ETB Dhún na nGall, an Dr Martin Gormley, “Ba mhaith liom fáilte a chur roimh Caroline chuig teaghlach an ETB agus tá mé ag súil go mór le tacú léi ina ról úr sa bhliain atá amach romhainn. Ba mhaith liom moladh mór a thabhairt d’Eamonn Ryan fosta agus é ag éirí as agus aitheantas a thabhairt don dóigh ar chuir sé go mór leis an fhoireann ardbhainistíochta i mBun an Phobail.”

Dúirt Príomhfheidhmeannach an ETB Anne McHugh, “Fáiltím go mór roimh an cheapachán seo i gColáiste Pobail Bhun an Phobail. Cuidíonn ár Leas-Phríomhoidí go mór lenár soláthar iar-bhunscoile a bhainistiú; tá an ról s’acu lárnach do sheirbhís oideachais agus oiliúna foghlaimeoirlárnach ar ardchaighdeán a chur ar fáil ar fud an chontae agus ar a chuid oileán.”

Tá Coláiste Pobail Bhun an Phobail ar cheann de na cúig iar-bhunscoil is fiche atá á mbainistiú ag ETB Dhún na nGall, an soláthraí oideachais agus oiliúna is mó sa chontae. Sa bhliain acadúil roimhe seo 2019-2020, d’fhreastail thar 5,000 dalta ar iar-bhunscoileanna ETB Dhún na nGall.

Cuirfidh Caroline tús lena ceapachán ar an 12 Deireadh Fómhair 2020.

Leas-Phríomhoide úrcheaptha Choláiste Pobail Bhun an Phobail, Caroline Doherty.