Ráiteas Straitéise 2022-2026 Seolta ag ETB Dhún na nGall

Group of people (Board members and staff) with new Strategy document.
Leaschathaoirleach ETB Dhún na nGall, an Clr Martin Harley, Príomhfheidhmeannach Anne McHugh, Stiúrthóirí, Comhaltaí an Bhoird agus baill foirne ag seoladh Ráiteas Straitéise 2022-2026 an ETB.

Sheol ETB Dhún na nGall a Ráiteas Straitéise don tréimhse 2022-2026. Leagann an Ráiteas amach misean an ETB thar an chéad chúig bliana eile maidir le ‘deiseanna oideachais agus oiliúna a chur ar fáil a chuidíonn le mic léinn a lánacmhainneacht a bhaint amach agus cur le saol sóisialta, cultúrtha agus eacnamaíochta a gcuid pobal.’

Tá achoimre tugtha ar roinnt réimsí tosaíochta faoi thrí théama – teagasc agus foghlaim; eagraíocht fhorásach, chuntasach agus ag oibriú le comhpháirtithe.

Is é Bord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall (ETB) an soláthraí oideachais is mó sa chontae é; chríochnaigh níos mó ná 18,000 dalta agus foghlaimeoir cúrsaí leis sa bhliain 2021.

Bainistíonn sé cúig déag amach as seacht n-iar-bhunscoil is fiche an chontae agus is comhpháirtí iontaobhais é do na hocht scoil Phobail agus Chuimsitheacha sa chontae fosta.  Is é an soláthraí Breisoideachais agus Oiliúna (FET) is mó sa chontae é chomh maith le níos mó ná 7,000 mac léinn agus printíseach ag críochnú cúrsaí leis sa bhliain 2021.

Ina theannta sin, bainistíonn sé Ionad Oideachais agus Oiliúna Allamuigh Ghartáin agus Compháirtíocht Oideachais Ceoil Dhún na nGall agus tá freagrachtaí dlíthiúla air maidir le hobair don ógra.

Agus é ag caint faoi sheoladh na Straitéise úire, dúirt Cathaoirleach ETB Dhún na nGall, An Clr Barry Sweeny, “Tá lúcháir orm gur ceapadh mé mar Chathaoirleach ar ETB Dhún na nGall le gairid. Tá tús curtha le tréimhse iontach, le tréimhse uaillmhianach faoi mar atá leagtha amach sa Ráiteas Straitéise seo. Cuirfidh cur i bhfeidhm an Ráitis Straitéise bonn eolais faoi obair an Bhoird Oideachais agus Oiliúna agus déanfaidh Bord ETB Dhún na nGall monatóireacht air sin. Tá muid ag maireachtáil le linn ré atá lán le hathruithe, le dúshláin agus le deiseanna. Tá mé ag súil le cuidiú le ETB Dhún na nGall a ról a imirt maidir le hoideachas, nuálaíocht, traidisiún agus cruthaitheacht a chothú i nDún na nGall.

‘An fhoghlaim a athrú ó bhonn – saol na ndaoine a athrú’ an fhís atá ag an ETB. Dar le Príomhfheidhmeannach an ETB Anne McHugh go mbeidh an fhís sin mar aon lena misean, a luachanna agus a chuspóirí mar bhunús na bpleananna gníomhaíochta in oifigí, i scoileanna agus in ionaid an ETB thar an chéad chúig bliana eile: “Mar an soláthraí oideachais is mó sa chontae ag an dara leibhéal, FET agus oideachas ceoil, tá plean mór againn le haghaidh ETB Dhún na nGall agus tá muid paiseanta fá dtaobh de.  Cuirfidh muid ar Straitéis i bhfeidhm thar an chéad chúig bliana eile. Beidh ár misean, ár bhfís, ár luachanna agus ár gcuspóirí mar threoir dúinn. Clúdaíonn na nithe sin uilig an ról tábhachtach a imríonn muid maidir le Dún na nGall a fhorbairt go fadtéarmach mar áit iontach le maireachtáil, le hobair agus le bheith rathúil ann.

Is féidir an Ráiteas Straitéise a léamh ar láithreán gréasáin ETB Dhún na nGall anseo.