Oiliúint Shaincheaptha

AN BHFUIL RIACHTANAS OILIÚNA AG DO CHOMHLACHT/D’EARNÁIL NACH BHFUIL CLÚDAITHE AG NA ROGHANNA ATÁ Á DTAIRISCINT AGAINN?

Tá ETB Dhún na nGall tiomanta do chúrsaí a chur ar fáil a bhaineann le riachtanais earnáil na tionsclaíochta agus ba mhaith leis cloisteáil uait má tá cúrsa ar leith ann atá de dhíth ag d’fhostaithe. Cé go bhfuil roinnt mhaith dár gcúrsaí dírithe orthu siúd atá ag lorg fostaíochta tig linn cláir shaincheaptha a sheachadadh do chomhlachtaí nó do ghrúpaí comhlachtaí ar leith. 

Oiliúint a Sheachadadh

Tá cúrsaí saincheaptha deartha agus curtha ar fáil i gcomhar le fostóirí. I gcásanna ar leith seachadtar an clár d’fhostaithe ón aon eagraíocht amháin (íosmhéid daoine i gceist).  I gcásanna eile, d’fhéadfadh roinnt fostóirí a theacht le chéile le haghaidh a thabhairt ar chomhriachtanas oiliúna. 

D’fhéadfadh maoiniú a bheith ar fáil le haghaidh oiliúint shaincheaptha faoin Tionscnamh maidir le Scileanna le Dul Chun Cinn a Dhéanamh.

Tá breis eolais maidir le Scileanna le Dul Chun Cinn a Dhéanamh ar fáil ar www.skillstoadvance.ie  nó seol ríomhphost chuig  skillstoadvance@donegaletb.ie.

Má tá spéis agat in oiliúint shaincheaptha do do chomhlacht, comhlánaigh an fhoirm fiosrúcháin ar an leathanach seo, le do thoil.

Foirm Fiosrúcháin maidir le Sainoiliúint Shaincheaptha

Le do thoil, cuir san áireamh sonraí maidir le d’iarratas thíos agus déan tagairt don riachtanas oiliúna, don earnáil tionscail agus do líon na bhfostaithe atá i gceist, srl...
This field is for validation purposes and should be left unchanged.