Socruithe Malartacha maidir le Scrúduithe do Mhic Léinn FET ETB Dhún na nGall le linn Éigeandáil COVID-19

Faoi mar a d’fhógair an tAire Ardoideachais, Mary Mitchell O Connor, maidin inniu nach mbeidh institiúidí breisoideachais agus ardoideachais ag reáchtáil measúnuithe scríofa, ó bhéal ná praiticiúla in ionaid scrúduithe le linn éigeandáil COVID-19 (https://www.education.ie/en/Press-Events/Press-Releases/2020-press-releases/PR20-04-08.html), is féidir le ETB Dhún na nGall a dheimhniú go ndearnadh socruithe malartacha dá chuid mac léinn Bhreisoideachais agus Oiliúna (FET).

Tá treoircháipéis úr foilsithe ag Dearbhú Cáilíochta agus Cáilíochtaí Éireann, an comhlacht náisiúnta atá freagrach as cáilíochtaí agus dearbhú cáilíochta san earnáil ardoideachais, breisoideachais agus oiliúna, le soiléiriú agus cinnteacht a thabhairt faoi mheasúnuithe agus scrúduithe: https://www.qqi.ie/Downloads/Guiding%20Principles%20for%20Alternative%20Assessment%20%28COVID-19%29.pdf

Tá Seirbhís FET ETB Dhún na nGall i mbun an dlaoi mullaigh a chur ar a phlean teagmhais maidir le socruithe malartacha measúnuithe do mhic léinn agus beidh bainisteoirí ionad agus clár i dteagmháil le mic léinn aonair faoi na socruithe sin.

Ina theannta sin, fanfaidh ionaid FET ETB Dhún na nGall druidte go dtí an 19 Aibreán faoi mar a d’ordaigh an Roinn Oideachais agus Scileanna ar an 24 Márta (https://www.donegaletb.ie/2020/03/24/donegal-etb-schools-and-fet-centres-remain-closed-until-19-april-2020/).

Ionaid Bhreisoideachais agus Oiliúna:

  1. Ionad Breisoideachais & Oiliúna, Béal Átha Seanaidh
  2. Ionad Breisoideachais & Oiliúna, Bun Cranncha
  3. Ionad Breisoideachais & Oiliúna, Baile Dhún na nGall
  4. Ionad Breisoideachais & Oiliúna, Gort an Choirce
  5. Ionad Breisoideachais & Oiliúna, Leitir Ceanainn
  6. Ionad Breisoideachais & Oiliúna, Baile na nGallóglach
  7. Ionad Oiliúna ETB, Leitir Ceanainn (Baile Raithin)
  8. Ionad Oiliúna ETB, Gaoth Dobhair
  9. Ionad Oideachais Ghleann na Finne, Srath an Urláir
  10. Ionad Cumasóige, Bun Cranncha
  11. Ionad Cumasóige, Gleann Gad
  12. Ionad Cumasóige, Leitir Ceanainn
  13. Ionad Cumasóige, Leifear
  14. Ardscoil na gCeithre Máistrí, Baile Dhún na nGall
  15. Coláiste an Eargail, Leitir Ceanainn (cúrsaí PLC)
  16. Coláiste Ghleann na Finne, Srath an Urláir (cúrsaí PLC)
  17. Gairmscoil Caitríona, Na Cealla Beaga (cúrsaí PLC)

Le breis eolais a fháil, le do thoil, déan teagmháil le ETB Dhún na nGall ar eolas@donegaletb.ie.

Tá breis eolais faoi ETB Dhún na nGall ar fáil ar an láithreán gréasáin seo (www.donegaletb.ie) agus ar a chuntais mheán sóisialta (Facebook, Twitter, Instagram, YouTube agus LinkedIn).