Eagraí Litearthachta Aosaigh Úr Ceaptha ag ETB Dhún na nGall in Inis Eoghain

Image of person
Image of person
Eagraí Litearthachta Aosaigh in Inis Eoghain, úrcheaptha ag ETB Dhún na nGall, Claire McNicholl.

Tá Eagraí Litearthachta Aosaigh úr, Claire McNicholl, ceaptha in Inis Eoghain ag Bord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall (ETB).

Tá Claire ag dul isteach i bhfoireann de chúigear Eagraithe Litearthachta Aosaigh (ELAnna) ar fud an chontae faoina Sheirbhís Breisoideachais ags Oiliúna, ag cur teagasc ar fáil d’aosaigh maidir le litearthacht, uimhearthacht, scileanna digiteacha, foghlaim teaghlaigh agus Béarla do Chainteoirí Teanga Eile (BCTE).

Is as Bun Cranncha ó dhúchas di Claire agus tá dhá cháilíocht aici ó Ollscoil Uladh, BA (Onóracha) sa Chuntasaíocht agus TICO (FE), mar aon le Dioplóma i dTeagasc na hUimhearthachta d’Aosaigh ó Ollscoil na Ríona, Béal Feirste. Tá sí ag obair le ETB Dhún na nGall le deich mbliana anuas. Thosaigh sí amach mar theagascóir leis an chlár Foghlaim don Saol ag teagasc mata agus TF agus ina theannta sin chaith sí tamall de bhlianta leis an chlár Cumasóige le haghaidh luathfhágalaithe scoile.

D’oibrigh Claire le Seirbhís Tacaíochta do Mhic Léinn FET an ETB le gairid, ag forbairt acmhainní foghlama agus ag cur tacaíocht ar fáil ar fud na seirbhíse FET.

Agus í ag caint faoina ceapachán úr, dúirt Claire, “Tá lúcháir orm tosú i mo ról úr mar Eagraí Litearthachta Aosaigh in Inis Eoghain. I ndiaidh dom obair sa chlár Foghlaim don Saol agus i gcláir FET eile, tuigim cé chomh tábhachtach agus atá sé clár oideachais uileghabhálaigh a chur ar fáil a shásaíonn riachtanais an phobail áitiúil. Is pribhléid atá ann bheith ábalta cuidiú le lear mór mac léinn barr a gcumas a bhaint amach agus iad a thabhairt ar a dturas foghlama ar feadh an tsaoil.”

Agus í ag tréaslú le Claire as a ceapachán, dúirt Oifigeach Oideachais ETB Dhún na nGall Martina Needham, “Tá mé an-sásta fáilte a chur roimh Claire chuig an fhoireann agus tá a fhios agam go dtabharfaidh sí an tiomantas agus an dúthracht chéanna léi agus a thug sí don tSeirbhís Tacaíochta do Mhic Léinn. ”

Chuir Claire tús lena ceapachán roinnt seachtainí ó shin agus tá sí lonnaithe in Ionad Breisoideachais agus Oiliúna Bhun Cranncha. Is féidir teagmháil a dhéanamh léi ag an ionad ach scairt a chur ar 074 93 62466 nó 086 1740684 nó trí ríomhphost a chur chuig clairemcnicholl@donegaletb.ie.