Féinmheasúnú agus Monatóireacht

Féinmheasúnú agus Monatóireacht a dhéanamh ar Dhearbhú Cáilíochta

Déantar athbhreithniú ar chláir mar chuid den mheastóireacht deireadh cúrsa ag leibhéal an chláir FET. Tugann na hathbhreithnithe seo deis athbhreithniú a dhéanamh ar theagasc agus foghlaim, ar shaoráidí agus acmhainní, ar mheasúnú, agus ar ghnéithe eile de sholáthar cúrsaí.

Faoi láthair, déantar monatóireacht ar chúrsaí ag leibhéal an ionaid trí leas a bhaint as measúnachtaí i lár an chúrsa agus ag deireadh an chúrsa. A bhuí leis sin, sainaithnítear saincheisteanna go tapa agus téitear i ngleic leo agus cuirtear tacaíochtaí breise i bhfeidhm, más gá. Tugann próisis um Dheimhniú Inmheánach deis monatóireacht a dhéanamh ar phróisis mheasúnaithe, cé go dtugann an próiseas um Fhíordheimhniú Seachtrach agus cruinniú an Bhoird um Fhaomhadh Deimhniúchán deiseanna chun monatóireacht a dhéanamh ar thorthaí agus ar shaincheisteanna ar bith a thagann chun cinn mar thoradh ar an tréimhse mheasúnaithe áirithe sin.

Déanann an tSeirbhís Tacaíochta um Dhearbhú Cailíochta (QASS) agus grúpaí Rialachais DC athbhreithniú ar thuairiscí an Bhoird um Fhaomhadh Deimhniúchán, rud a éascaíonn le treochtaí fadtéarmacha a shainaithint.

Tuarascáil Féinmheastóireacht, Tuarascáil maidir le hAthbhreithniú DCCÉ agus Plean Gníomhaíochta um Cháilíocht

I ndiaidh foilsiú thuairisc na Tuarascála Tionscnaimh, agus bliain tar éis chur isteach an phlean gníomhaíochta maidir le hathbhreithniú Ráthú Caighdeáin (QA), tá tuairisc leantach curtha faoi bhráid an QQI ag ETB Dhún na nGall maidir le dul chun cinn in aghaidh an phlean, agus conas atá sé ag dul i ngleic le torthaí an athbhreithnithe. Aithníonn an tuairisc an raon forbairtí agus cinntí straitéiseacha agus lóistíochtúil a tharla laistigh den ETB Dhún na nGall ó foilsíodh an tuarascáil maidir le hathbhreithniú agus tugann sí faoi gach ceann de na torthaí agus moltaí lárnacha a cuireadh i láthair ag na léirmheastóirí.

Rannpháirtíocht le Páirtithe Leasmhara agus Comhlachtaí Eile

Comhoibriú

Chuaigh ETB Dhún na nGall i mbun plé go forleathan le grúpaí pobail, Ionaid Acmhainní Teaghlaigh, ionaid Pobal agus Cuideachtaí Comhpháirtíochta maidir le cúrsaí creidiúnaithe agus cúrsaí neamhchreidiúnaithe a sholáthar trí na cláir agus na seirbhísí seo a leanas:

Cinntíonn ár Seirbhís Tacaíochta Oideachais Pobail atá deontasbhunaithe cur chuige “ó bhun aníos” nó “foghlaimeoirbhunaithe” maidir le rannpháirtíocht a spreagadh i measc foghlaimeoirí nach nglacann páirt de ghnáth i ngníomhaíochtaí oideachais.

Comhoibriú leis an Roinn Coimirce Sóisialaí

Tagann ETB Dhún na nGall agus an Roinn Coimirce Sóisialaí le chéile ar bhonn rialta chun a chinntiú go ndéantar freastal ar riachtanais an chontae, agus is minic a chuireann na cruinnithe seo bonn eolais faoi chúrsaí soláthair.

Rannpháirtíocht Fiontraíochta

Bunaíodh an Grúpa Oibre um Rannpháirtíocht Fiontraíochta chun caidrimh le fostóirí sa réigiún a chothú agus a choinneáil. Féachtar ar an ngrúpa oibre seo mar inneall chun aiseolas a spreagadh ó fhostóirí maidir le cláir agus seirbhísí ETB Dhún na nGall. Cruthaíodh é chun teacht go maith leis an obair atá á déanamh ag an bhFóram Réigiúnach Scileanna. Mar thoradh ar an gcaidreamh seo, seoladh tionscnamh tábhachtach ar a dtugtar ‘Tairseach Fostóirí’ ar shuíomh gréasáin ETB Dhún na nGall, áit is féidir le fostóirí eolas a thabhairt don ETB agus rannpháirtíocht páirtithe leasmhara a chruthú mar sin.

Cúrsaí Oiliúna: Chuaigh ETB Dhún na nGall i mbun plé go forleathan le tionscal na hinnealtóireachta, le tionscal an fháilteachais, le tionscal theicneolaíocht an airgeadais, leis an tionscal teicstílí, agus le tionscail an gheilleagair ghoirm/tionscal na mara maidir le cláir nua oiliúna a fhorbairt sna réimsí seo. Déantar na cláir seo a fhorbairt i gcomhar le fostóirí áitiúla chun freastal ar na éilimh ar sholáthar scileanna sna réimsí seo agus deis a thabhairt do na mic léinn foghlaim obairbhunaithe a dhéanamh ag an am céanna.

Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh

Agus meamram tuisceana i bhfeidhm idir Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh agus an ETB, is ceann de na príomhbhéimeanna straitéiseacha den Mheamram Tuisceana seo ná bealaí dul chun cinn a chruthú ó na cláir FET go dtí an tArdoideachas agus dlúthnaisc a chothú idir an dá eagraíocht. Tá an ETB ag obair faoi láthair ar anailís ar bhealaí éagsúla chun an Ardoideachais ó chláir Leibhéal 5 agus 6 agus ag féachaint ar conas is féidir linn cabhrú chun tuilleadh léarscáileanna agus bealaí isteach in Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh ón ETB a chruthú.

Comhoibrithe

Cabhróidh comhoibrithe náisiúnta agus tionscadail earnálacha um Dhearbhú Cáilíochta arna gcomhoibriú ag ETB Éireann le Boird Oideachais agus Oiliúna cineál cuimsitheach na gCroí-Threoirlínte agus na dTreoirlínte Earnáilsonracha a shásamh, lena n-áirítear roinnt tionscadal a chabhróidh ar dtús chun creat a chruthú le haghaidh nósanna imeachta DC maidir le hAlt 7 de na Croí-Threoirlínte.

Forais Cháiliúcháin

Tá caidrimh chonarthacha ag ETB Dhún na nGall freisin le forais cháiliúcháin agus córais tástála/measúnaithe eile atá lasmuigh de dhlínse na hÉireann. Áirítear City & Guilds, ITEC, Microsoft, Pearson Vue, ERS agus OFTEC leo sin.

Need some advice on choosing the correct path to education? Our Adult Guidance service can help you!