Teagasc & Foghlaim

Dearbhú Cáilíochta ar an bPróiseas Measúnaithe

Tá comhfhís maidir le teagasc agus foghlaim ag ETB Dhún na nGall mar a leagtar amach ina Ráiteas Straitéise.

Soláthraíonn ETB Dhún na nGall cláir DCCÉ as a dtagann mórdhámhachtainí faoin gCóras Comhdhámhachtainí, chomh maith le roinnt dámhachtainí nach dámhachtainí DCCÉ iad a sholáthar, e.g. City & Guilds, ITEC/VTCT, CompTIA, Accounting Technicians Ireland, Microsoft, ICS Skills agus cúrsaí eile.

Próisis Mheasúnaithe DCCÉ

Tugtar achoimre atá oiriúnach do leibhéal an chúrsa ar an gCreat Náisiúnta Cáilíochta (CNC) do mhic léinn i ndáil le gach measúnú a bhíonn le déanamh acu. Áirítear leis sin sonraí maidir leis an tasc measúnaithe i gceist, critéir agus scéimeanna marcála agus spriocdhátaí de réir mar is cuí. Is ar an bhfoghlaimeoir atá an fhreagracht measúnuithe a chur i gcrích agus a gcuid gnóthachtálacha foghlama a léiriú. Meastar go síneoidh gach foghlaimeoir ráitis bharántúlachta maidir lena gcuid measúnuithe. Is gnéithe ríthábhachtacha de theagasc agus foghlaim éifeachtach in ETB Dhún na nGall aiseolas foirmitheach agus suimitheach a fháil. Tugtar an t-aiseolas seo le linn tascanna measúnaithe agus ina ndiaidh.

Déantar monatóireacht ar iontaofacht na bpróiseas measúnaithe trí na Próisis um Fhíorú Inmheánach agus um Dheimhniú Seachtrach, agus déanann an Bord um Fhaomhadh Deimhniúchán a n-iontaofacht a fhaomhadh.

Leis na nósanna imeachta um fhíorú inmheánach, déantar seiceáil go ndéantar measúnuithe i gcomhréir le nósanna imeachta dearbhaithe cáilíochta, go n-úsáidtear na hionstraimí measúnaithe iomchuí, go gcuirtear isteach sonraí an fhoghlaimeora i gceart, agus i gcás sampla de na mic léinn, go ndéantar na marcanna a sheiceáil.

Is croí-ghné de cháilíocht agus iontaofacht na bpróiseas measúnaithe a chinntiú é an córas um Fhíordheimhniú Seachtrach. Is é ról an Fhíordheimhnitheora Sheachtraigh athbhreithniú a dhéanamh ar an tuarascáil um dheimhniú inmheánach chun a chinntiú gur tugadh faoin measúnú ar bhonn dearbhaithe cáilíochta, chun athbhreithniú a dhéanamh ar mheasúnuithe na mac léinn lena chinntiú go ndearnadh measúnú orthu ar bhealach cothrom comhsheasmhacha, agus lena fhíordheimhniú go bhfuil na gráid a tugadh i gcomhréir leis na caighdeáin náisiúnta don leibhéal sin. Feidhmíonn ETB Dhún na nGall eolaire d’Fhíordheimhnitheoirí Seachtracha arna roghnú ó eolaire ETB Éireann d’Fhíordheimhnitheoirí Seachtracha.

Soláthraíonn an Bord um Fhaomhadh Deimhniúchán agus an Chomhairle Cáilíochta maoirseacht ar an bpróiseas measúnaithe laistigh den struchtúr Rialachais agus Bainistíochta DC. Déantar breithniú ar thuarascálacha ina mhionsonraítear torthaí na bpróiseas um Fhíorú Inmheánach agus um Dheimhniú Seachtrach, chomh maith le torthaí na ngrád, ag cruinniú an Bhoird um Fhaomhadh Deimhniúchán sula bhfaomhtar na torthaí. Déanann na hOifigigh um Chaighdeáin Oiliúna tuairisc achomair a fhorbairt thar ceann an Bhoird um Fhaomhadh Deimhniúchán. Cuirtear an tuairisc achomair sin faoi bhráid na Comhairle Cáilíochta ansin.

Éascaíonn nósanna imeachta láidre measúnaithe na seirbhíse FET a leagtar amach thuas le measúnú cothrom comhsheasmhach a dhéanamh ar mhic léinn agus tacaíonn siad le cinnteoireacht acadúil a léiríonn spéis mac léinn agus le coinneáil na gcaighdeán cáilíochta.

Achomhairc ar Mheasúnuithe

Tá sé de cheart ag mic léinn achomhairc a dhéanamh maidir lena dtorthaí sa chás nach n-aontaíonn siad leis an mbreithiúnas a rinneadh ar a measúnuithe. Féadfaidh go ndéanfaidh scrúdaitheoirí achomhairc atá neamhspleách ar ETB Dhún na nGall athbhreithniú ar a scripteanna measúnachta. Sa chás go seastar leis an achomharc, cuirfidh ETB Dhún na nGall an grád leasaithe in iúl don Fhoras Cáiliúcháin iomchuí.

Rialacháin Mheasúnaithe

Tá ár Seirbhís FET tiomanta d’iontaofacht an phróisis mheasúnaithe agus aithnítear go bhfuil an fhoireann agus mic léinn araon freagrach as iontaofacht an phróisis sin. Sainaithnítear an réimse seo mar thosaíocht ó thaobh beartas agus nósanna imeachta athbhreithnithe comhtháite a fhorbairt i gcomhréir le Croí-Threoirlínte Reachtúla DCCÉ maidir le DC. Tá dul chun cinn suntasach déanta agus táthar tar éis dréachtbheartais um Measúnú Cothrom agus Comhsheasamh Foghlaimeoirí a fhorbairt, agus tá réimse nósanna imeachta curtha i bhfeidhm mar chuid den Chóras DC comhtháite.

Dearbhú Cáilíochta a dhéanamh ar Aistear an Mhic Léinn

Chun eolas mionsonraithe a fháil maidir le beartais agus nósanna imeachta a bhaineann leis an eispéireas foghlama in ionad ar leith, déan teagmháil dhíreach leis an ionad. De réir agus a fhorbraítear beartais agus nósanna imeachta nua a bhaineann le hionaid uile ETB Dhún na nGall, foilseofar anseo iad.

Conas clárú mar mhac léinn in ETB Dhún na nGall: ár bpróisis iontrála

Beartas Iontrála, Aistrithe agus Bealaí Chun Cinn forbartha ag ETB Dhún na nGall agus baineann sé lena sheirbhísí agus ionaid FET go léir.

De ghnáth, tagann mic léinn ionchasacha chun agallaimh ionas go ndéanfar measúnú ar a n-oiriúnacht dá rogha cúrsa. Is é/í comhordaitheoir an chúrsa a reáchtálann an t-agallamh iontrála, de ghnáth, in éineacht leis an treoirsheirbhís nó an tseirbhís earcaíochta Is é is aidhm leis an agallamh ná measúnú a dhéanamh ar cibé an gcomhlíonann an mac léinn na critéir iontrála don chúrsa i gcás gurb ann dá leithéid, nó chun cabhrú leis an mac léinn an cúrsa is fearr a oireann dá riachtanais a roghnú. Tugtar eolas eile a bhaineann go sonrach leis an gcúrsa do mhic léinn nuair a fhaigheann siad áit ar an gcúrsa.

I gcás mac léinn atá ag iarraidh áit a fháil ar chúrsa ar leith, glactar leis go mbeadh acu an t-eolas, na scileanna agus na hinniúlachtaí iomchuí acu ag leibhéal an Chreata Náisiúnta Cáilíochtaí (http://www.nfq-qqi.com/), mar a leagtar amach i réamheolaire an chúrsa sin. I gcás nach bhfuil mórdhámhachtain ag an leibhéal iontrála a leagtar amach ag an mac léinn, is féidir scileanna saoil nó taithí oibre a chur san áireamh, chomh fada agus atá na scileanna riachtanacha acu páirt rathúil a ghlacadh sa chúrsa. Is é/í comhordaitheoir an chúrsa nó ball foirne ainmnithe eile atá freagrach as a chinntiú go bhfuil an t-eolas, na scileanna agus na hinniulachtaí iomchuí ag mac léinn ionchasach chun páirt rathúil a ghlacadh sa chúrsa.

Déan teagmháil dhíreach leis an ionad chun tuilleadh eolais a fháil maidir lena nósanna imeachta iontrála agus na riachtanais iontrála a bhaineann go sonrach le cúrsaí ar leith.

Níl nósanna imeachta comhaontaithe dearbhaithe cáilíochta ag ETB Dhún na nGall faoi láthair chun tacú le rochtain a thabhairt ar chlár trí Aitheantas Réamhfhoghlama. Is féidir le mic léinn díolúine a fháil ó  chláir/modúlacha cúrsa áirithe, áfach, má tá réamhfhoghlaim chreidiúnaithe déanta acu agus na taifid iomchuí le cur ar fáil.

Agus cúrsa á thosú in ETB Dhún na nGall, bíonn seisiún/seisiúin ionduchtúcháin ag mic léinnagus faigheann siad eolas ginearálta maidir leis an ionad, chomh maith le heolas a bhaineann go sonrach leis an gcúrsa amhail na modúlacha a bheidh á ndéanamh, féilire agus clár ama an chúrsa, measúnuithe agus na spriocdhátaí a bhaineann leo lena linn sin. I lámhleabhar clárshonrach FET do mhic léinn, leagtar amach beartas agus nósanna imeachta freastail, beartais agus nósanna imeachta measúnaithe, na tacaíochtaí atá ar fáil do mhic léinn, cód iompair agus iompair ionchasaigh, nós imeachta gearáin agus eolas ábhartha eile.

An tEispéireas Foghlama agus an Timpeallacht

Tá Seirbhís FET ETB Dhún na nGall tiomanta do theagasc agus foghlaim atá mac léinn-lárnach, solúbtha, agus ionchuimsitheach, i gcomhréir le héiteas agus luachanna na heagraíochta.

Léireofar meas ar mhic léinn atá páirteach i gcúrsa, agus caithfear go cothrom leo, i gcomhréir le tiomantas ETB Dhún na nGall don chomhionannas. Eagraíonn na hionaid éagsúla gníomhaíochtaí chun tacú le timpeallacht dearfach foghlama trí ghníomhaíochtaí amhail turais allamuigh nó aoichainteoirí a eagrú.

Foghlaim le Cuidiú Teicneolaíochta

Tá ETB Dhún na nGall tiomanta d’infheistíocht leanúnach agus feabhsaithe a sholáthar le haghaidh foghlama le cuidiú teicneolaíochta chun tacú le cleachtais nuálacha teagaisc agus foghlama.  I measc na ngníomhaíochtaí, tá tacaíocht a thabhairt do chruthú agus comhroinnt acmhainní digiteacha lena n-úsáid sa seomra ranga, timpeallachtaí fíorúla foghlama amhail Moodle a úsáid chun tacú leis an eispéireas foghlama, acmhainn foirne a chothú trí Fhorbairt Ghairmiúil Leanúnach a chur chun cinn, an bonneagar TFC a leathnú, agus gréasáin agus Pobail Chleachtais um Fhoghlaim le Cuidiú Teicneolaíochta a fhorbairt.

Cáilíocht Taithí Oibre agus Socrúchán Oibre a Dhearbhú

In ETB Dhún na nGall, táimid den tuairim go bhfuil taithí oibre ina cuid luachmhar den eispéireas foghlama, rud a ligeann do mhic léinn blaiseadh a fháil ar an saol mar atá ina ngairme roghnaithe. Mar sin, bíonn modúl Taithí Oibre nó Cleachtadh Oibre lena mbaineann socrúchán riachtanach oibre ina chuid d’fhormhór na gcúrsaí mórdhámhachtana.

Tá ETB Dhún na nGall tiomanta dá chinntiú go mbíonn na timpeallachtaí foghlama obairbhunaithe ina ndéanann mic léinn na socrúcháin oibre seo oiriúnach dóibh.

Gearáin ó Mhic Léinn

I gcás go bhfuil gearáin ag mac léinn, glactar leis go ndéanfaidh sé/sí iad a phlé, sa chéad ásc, leis an mball foirne i gceist. Má tá an mac léinn fós míshásta, is féidir leo a ngearáin a chur faoi bhráid chomhordaitheoir an chúrsa, agus Fhoireann Ardbhainistíochta FET ina dhiaidh sin.

Tá beartas achomhairc ar mheasúnuithe i bhfeidhm ag ETB Dhún na nGall agus cuirtear mic léinn ar an eolas faoin nós imeachta chun achomhairc a dhéanamh i leith torthaí measúnaithe le linn an tseisiúin ionduchtúcháin.

Sa chás go bhfuil gearáin neamhacadúla ag mic léinn a ghéaraítear go leibhéal an ETB, déanann Roinn Seirbhísí Corparáideacha ETB Dhún na nGall na gearáin sin a láimhseáil.

Aiseolas a thabhairt maidir leis an Eispéireas Foghlama

Tá aiseolas ó mhic léinn ina chuid riachtanach de shaolré cúrsa ar bith laistigh de ETB Dhún na nGall. Lorgaítear aiseolas maidir leis an gcuid is mó de chúrsaí trí mheasúnachtaí lárthéarma agus deireadh téarma, agus is féidir an t-eolas a bhailítear a úsáid chun aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna a thagann chun cinn le linn an chúrsa. Cuireann sé bonn eolais freisin faoi atriallacha eile den chúrsa (e.g. maidir le rogha modúlacha), chomh maith le cúrsaí nua a fhorbairt. Anuas air sin, is féidir le mic léinn imní nó aiseolas ar bith atá acu a phlé le múinteoir, teagascóir nó comhordaitheoir an chúrsa am ar bith idir na deiseanna foirmiúla chun aiseolas a thabhairt.

Thug Seirbhís FET ETB Dhún na nGall isteach an chéad Fhóram Ghuth an Mhic Léinn i mí Feabhra 2020 mar bhealach chun aiseolas a bhailiú agus a thiomsú ó mhic léinn ar fud na seirbhíse. Is imeacht bliantúil anois é sin, a úsáidtear chun bonn eolais a chur leis an bpróiseas féinmheasúnaithe, monatóireachta agus athbhreithnithe. Is féidir teacht ar thuarascálacha anseo thíos maidir le hImeachtaí Bliantúla Ghuth an Mhic Léinn do na blianta 2020, 2021 agus 2022.

Tacaíochtaí do Mhic Léinn

Is féidir rochtain a fháil ar thacaíochtaí atá ar fáil do mhic léinn ar chláir ETB Dhún na nGall trí threoirchomhairleoirí, oibrithe tacaíochta, bainisteoirí ionaid FET, comhordaitheoirí clár, múinteoirí nó teagascóirí.

I bhfómhar na bliana 2023, sheolamar Mol FET na Mac Léinn agus d’fhorbraíomar Lámhleabhar FET na Mac Léinn. Feidhmíonn an dá acmhainn seo mar ionad ilfhreastail ina bhfuil an t-eolas ar fad a bheadh ag teastáil ó mhac léinn reatha nó todhchaí sa réimse FET, roimh dóibh a gcúrsa a thosú, nó lena linn. D’fhorbair an fhoireann um Dhearbhú Cáilíochta FET iad mar fhreagra díreach ar aiseolas ó mhic léinn FET go raibh acmhainn lárnach ag teastáil ina mbeadh an t-eolas ar fad a bhaineann leo ar fáil go héasca in aon áit amháin.

Cuireann an tSeirbhís um Threoir agus Eolas d’Aosaigh eolas, treoir agus comhairleoireacht neamhchlaonta agus faoi rún ar fáil maidir leis na roghanna oideachais atá ar fáil laistigh de ETB Dhún na nGall agus le soláthróirí eile oideachais.

Le déanaí, bunaíodh an grúpa um Thacaíochtaí agus Leas Mac Léinn chun maoirseacht agus stiúradh a dhéanamh ar fhorbairt agus soláthar tacaíochtaí do mhic léinn, prótacail leasa mac léinn agus bearta um chuimsiú sóisialta laistigh de Sheirbhís FET ETB Dhún na nGall.

Treoir do Mhic Léinn

Tá treoir ar fáil, nuair is féidir, do mhic léinn maidir le deiseanna dul chun cinn. Laistigh den tSeirbhís Oideachais d’Aosaigh, cuireann an Seirbhís um Threoir agus Eolas d’Aosaigh tacaíocht agus treoir ar fáil do mhic léinn maidir le réimse clár. I gcuid de na coláistí agus ionaid bhreisoideachais, bíonn treoirchomhairleoirí ar fáil chun comhairle a chur ar mhic léinn. In ionaid FET, soláthraíonn comhordaitheoirí cúrsa nó múinteoirí tacaíocht mar sin, más féidir. In Ionaid Ógtheagmhála, cuireann foireann treorach speisialaithe, ar a dtugtar Tacadóirí, pleanáil agus treoir aonair ar fáil maidir le conair ghairme mac léinn.

Cúram d’fhoghlaimeoirí

Laistigh de gach ionad, agus i gcás gach cúrsa, beidh duine ainmnithe amhail comhordaitheoir an cúrsa, treoirchomhairleoir, comhairleoir mac léinn, teagascóir an chúrsa, bainisteoir cúnta nó duine ainmnithe eile ar fáil chun aghaidh a thabhairt ar imní ar bith den chineál acadúil a bhíonn ar mhic léinn.

Acmhainní Scríbhneoireachta

Bíonn an-chuid sásaimh le baint as an scríbhneoireacht acadúil ach baineann an-dúshláin léi chomh maith, uaireanta. Moltar do mhic léinn ar chláir de chuid ETB Dhún na nGall leas a bhaint as an Lámhleabhar um Scríbhneaoireacht Acadúil agus as an Lámhleabhar Tagartha.

Need some advice on choosing the correct path to education? Our Adult Guidance service can help you!