Teachtaireacht Nollag ó Phríomhfheidhmeannach ETB Dhún na nGall

Image of Chief Executive Anne McHugh
Image of Chief Executive Anne McHugh
Príomhfheidhmeannach ETB Dhún na nGall Anne McHugh.

Agus muid ag druidim le Nollaig 2022 ba mhaith liom buíochas ó chroí a ghabháil le pobail an ETB inár Scoileanna, inár nIonaid agus inár nOifigí Riaracháin ar fud an chontae; chuir siad go mór leis an obair iontach a bhí ar bun ag ETB Dhún na nGall le linn 2022 agus muid ag fágáil na mblianta deacra sin, 2020 agus 2021, inár ndiaidh.

Tá trí chrann taca inár n-eagraíocht agus tá siad á dtreorú ag ár Stiúrthóirí: Cróna Gallagher agus Ciaran O’Brien (Breisoidechas agus Oiliúint (FET)), Andy McGovern (Tacaíocht agus Forbairt Eagraíochta (OSD)) agus an Dr Martin Gormley (Scoileanna), daoine a dhéanann sárjab maidir le baill foirne a threorú laistigh dá gcuid réimsí.  D’éirigh Cróna as i mí an Mheithimh 2022 agus ba mhaith liom aitheantas a thabhairt dá sárthiomantas do VEC/ETB Dhún na nGall le linn bhlianta a cuid seirbhíse agus guím gach rath uirthi agus í ag cur tús le ré úr ina saol.  Guím gach rath ar Ciaran fosta agus é ag cur tús le ré úr ina ghairmréim le ETB Dhún na nGall.

Bhí tús rathúil le 2022 sa mhéid is gur éirigh go maith le roinnt dár scoileanna ag Taispeántas Eolaithe Óga BT; tógáil croí a bhí ann na gníomhaíochtaí sin a fheiceáil ag filleadh ar ár gcuid scoileanna agus ionad arís i ndiaidh na paindéime.

Seoladh Ráiteas Straitéise 2022-2026 i mí an Mhárta agus tá muid ag súil leis na cuspóirí a bhaint amach agus muid á stiúradh ag ár misean, ár bhfís agus ár luachanna.  Is fiú na luachanna sin a lua ós rud é gurb iad réalta eolais obair ár n-eagraíochta iad.  Sármhaitheas san Oideachas, Comhionannas, Cúram, Pobal agus Meas.  Leanann muid orainn maidir le héiteas ár scoileanna agus ionad a fhorbairt agus a bhfuil i gceist leis sin dóibh siúd uilig a fhreastalaíonn ar ár scoileanna agus ionaid agus cuidíonn ETBI go mór linn i dtaca leis sin.

Buaicphointe FET amháin in 2022 ba ea seoladh oifigiúil an chéad chúrsa deimhnithe san fhíodóireacht in Éirinn; tharla sé sin i gCill Charthaigh ar an 1 Aibreán, an lá céanna a bunaíodh Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh (OTA).  Tá muid ag obair go dlúth leis an Ollscoil le conairí oideachais a fheabhsú agus le comhthionscnaimh a éascú idir ETB Dhún na nGall agus OTA.

D’oscail muid Ionad FET úr ar Bhóthar an Phoirt i Leitir Ceanainn le linn 2022, rud a chuireann lenár bhfeicealacht agus lenár lorg i lár an bhaile.  Tá réimse clár lonnaithe ansin agus táthar ag súil go rollfar pleananna breise amach roimh i bhfad.  Bhí ár nAonach bliantúil FET ar ais in Óstán an Radisson i Leitir Ceanainn i mí na Samhna agus ba mhór an t-ardú meanman é na sluaite mac léinn féideartha a fheiceáil ag caint lenár mbaill foirne ar an lá agus le linn an tráthnóna roimhe sin.

Thosaigh saoránaigh ón Úcráin ag teacht go Dún na nGall i mí an Mhárta agus chuir muid go mór lenár ranganna Béarla le freastal orthu. Tá ardú mór tagtha ar líon na ndaltaí inár gcuid scoileanna mar gheall ar theacht na nÚcránach. Chuir ETB Dhún na nGall fáilte chroíúil rompu siúd atá ag teitheadh ón chogadh agus caithfear tréaslú le gach ball foirne i gcomhar leis an fhoireann REALT as a gcuid iarrachtaí i dtaca leis sin.

Seoladh ár gCumann Ball Foirne ar Scor le gairid agus bhí sé go hiontach a fheiceáil go bhfuil an oiread sin ball foirne atá ar scor ag iarraidh a bhaith páirteach ann.  Guím gach rath ar an chumann agus é ag ullmhú don chéad CGB.

Tá a ról féin le himirt ag gach uile bhall foirne agus ní fhéadfadh ár seirbhís do phobail Chontae Dhún na nGall tarlú agus ní tharlódh sí gan an tiomantas agus an paisean a léiríonn gach duine.

Toghadh ár gCathaoirleach úr, an Clr Michael McBride, le déanaí agus ba mhaith liom gach rath a ghuí air agus ar ár Leaschathaoirleach úr, an tUasal Patsy McVicar, agus iad ag tabhairt faoina róil úra.  Gabhann muid buíochas lenár gCathaoirleach agus lenár Leaschathaoirleach atá ag dul as oifig agus molann muid iad beirt, an Clr Barry Sweeny agus an Clr Martin Harley, as an sárobair a rinne siad le linn 2022.

Is mian liom cuimhneamh a dhéanamh ar na daoine siúd nach bhfuil linn níos mó agus déanaim comhbhrón ó chroí le gach duine a chaill duine muinteartha le linn 2022. Caithfidh muid tragóid an Chraoslaigh a thabhairt chun cuimhne, eachtra a d’fhág ár gcontae faoi scamall bróin uafásaigh.  Bhí Coláiste na Maoile Rua buailte go dona agus leanann muid orainn ag smaoineamh ar ár bpobal scoile i mBaile na nGallóglach; tá siadsan agus muintir an Chraoslaigh ag streachailt le déileáil leis na heachtraí uafásacha a tharla ar an 7 Deireadh Fómhair.

Guím gach rath ar gach aon duine don bhliain amach romhainn ach thar aon rud eile guím sláinte mhaith oraibh agus ar bhur dteaghlaigh agus ar bhur ndaoine muinteartha. Bíodh sos sábháilte agus síochánta agaibh le linn na chéad Nollag agus Bliana Úire i ndiaidh na paindéime.  Tá muid ag súil go dóchasach le 2023 agus le leanúint ar aghaidh lenár gcuid oibre thar ceann mhuintir Dhún na nGall.