Teachtaireacht Nollag ó Phríomhfheidhmeannach ETB Dhún na nGall

Image of person.
Image of person.
Phríomhfheidhmeannach ETB Dhún na nGall, Anne McHugh

Agus muid ag druidim le Nollaig 2023 ba mhaith liom buíochas ó chroí a ghabháil le pobail ETB ar fud na Scoileanna, Ionad agus Oifigí Riaracháin ar fud an chontae, a chuir, ar bhealach suntasach, le hobair ETB Dhún na nGall le linn 2023.

Déanann ár dtrí mhórpháirt, atá faoi cheannas ár stiúrthóirí; Ciaran O’Brien (Breisoideachas agus Oiliúna (FET)), Andy McGovern (Tacaíocht agus Forbairt Eagraíochta (OSD)) agus an Dr Martin Gormley (Scoileanna) jab ar dóigh ó thaobh baill foirne a threorú laistigh dá gcuid réimsí. Tá a gcuid oibre idir éagsúil agus chasta agus gabhaim comhghairdeas leis an triúr acu ar an mhéid, nach beag, atá bainte amach acu le linn 2023.

Thosaigh 2023, mar is gnách, le rath ag cuid dár scoileanna ag Taispeántas Eolaí Óg BT.

Ní bhíonn tragóid an Chraoslaigh i bhfad ónár gcuimhní ach bhí sé mar phribhléid againn agus bhí luachair orainn fáilte a chur roimh an Uachtarán Ó hUigínn go Coláiste na Maoile Ruaidhe i mí Feabhra agus ansin an tAire Foley i mí an Mhárta. Chuidigh na cuairteanna seo go mór lenár bpobal scoile agus muid go fóill ag teacht ar ais chugainn féin i ndiaidh Dheireadh Fómhair 2022.

Bronnadh gradam náisiúnta ar ár Seirbhís Aitheantais Réamhfhoghlama ag chéad Lá Gradaim ETB i bPáirc an Chrócaigh i Mí an Mhárta. Tharla imeacht tionscnaimh eile i mí an Mhárta nuair a bhí an Chéad Chruinniú Ginearálta de Chumann Ball Foirne ar Scor de chuid ár n-eagraíochta. Tá an cumann seo ag dul ó neart go neart agus rinne an cathaoirleach Rita Gleeson ionadaíocht ar a son ag an Lón Scoir ar na mallaibh in Óstán Chaisleán Loch Iascaigh.

Is tosaíocht dúinn uilig é inbhuanaitheacht agus athrú aeráide agus bhunaigh muid ár nGrúpa Stiúrtha Aeráide, Fuinnimh agus Inbhuanaitheachta traseagraíochta i mbliana. Tá dul chun cinn maith déanta ar ár bpleananna agus bhí ócáid againn le baill foirne ábhartha chun ár gcuid smaointe maithe a chur le chéile.

Bhí dhá oscailt oifigiúla againn i mbliana, d’oscail Gairmscoil na Mainistreach, Baile Dhún na nGall, síneadh galánta agus chuir ár nIonad FET, Bóthar an Phoirt, Leitir Ceanainn fáilte roimh an Aire Harris i mí Dheireadh Fómhair don oscailt oifigiúil.

Tá spéis nach beag ag an Aire Harris i mBreisoideachas agus Oiliúna agus rinne sé clár nua de Chéimeanna Tríú Leibhéal a lainseáil i mí Iúil ina ndéanann mic léinn an chéad bhliain den chéim i suíomh FET sula gcríochnaíonn siad a gcéim in Institiúid Ardoideachais. D’oibrigh ETB Dhún na nGall le ETB Mhaigh Eo, Shligigh agus Liatroma agus le ETB na Gaillimhe agus Ros Comáin i gcomhar le OTA chun clár Altranais a chur ar fáil do 2024/25 agus d’éirigh go hiontach leis seo.

Bhí bród ar an chontae beirt bhuaiteoirí a bheith againn sa chomórtas Worldskills i mí Mheán Fómhair agus ba mhór an onóir do ETB Dhún na nGall Searmanas Bronnta Céimeanna na Printíseachta réigiúnach a óstáil i mí Dheireadh Fómhair.

Síníodh meabhráin tuisceana le Comhairle Contae Dhún na nGall agus athshíníodh iad le comhpháirtithe Bhraisle Oideachais Threasaigh an Iarthuaiscirt (Coláiste Réigiúnach an Iarthuaiscirt, Ollscoil Uladh agus OTA). Léiríonn na himeachtaí seo doimhneacht na comhpháirtíochta comhoibríche ar fud ár n-eagraíochta agus taobh istigh den réigiún atá ina príomhghné dár Ráiteas Straitéise 2022-2026.

Agus mé ar cuairt chuig ár scoileanna agus ionaid i rith na bliana chuaigh paisean agus dúthracht na foirne dá gceantar áitiúil agus don tseirbhís iontach a chuireann siad ar fáil i bhfeidhm go mór orm. Tá ról ag gach aon bhall foirne agus ní tharlódh ár seirbhís dár bpobail i nDún na nGall, ár bpobail nua san áireamh, gan an dúthracht seo dár luachanna Sármhaitheasa, Cúraim, Comhionannais, Pobail agus Measa.

Toghadh ár gCathaoirleach nua an Cmhlr Donal Coyle ar na mallaibh agus ba mhaith liom gach rath a ghuí air agus ar ár Leaschathaoirleach nua an Cmhlr Rena Donaghey agus iad ag tabhairt faoina róil nua. Gabhann muid buíochas lenár gCathaoirleach agus lenár Leaschathaoirleach an Cmhlr Michael McBride agus an tUasal Patsy McVicar atá ag dul as oifig, agus molann muid iad beirt, as an tsárobair a rinne siad le linn 2023.

Is mian liom cuimhneamh a dhéanamh ar na daoine siúd nach bhfuil linn níos mó agus déanaim comhbhrón ó chroí le gach duine a chaill duine muinteartha le linn 2023.

Guím rath ar gach aon duine don bhliain amach romhainn ach thar aon ní eile guím sláinte mhaith oraibh agus ar bhur dteaghlaigh agus ar bhur ndaoine muinteartha. Bíodh sos sábháilte agus síochánta agaibh le linn na Nollag agus na Bliana Úire. Tá muid ag súil go dóchasach le 2024 agus le leanúint ar aghaidh lenár gcuid oibre thar ceann mhuintir Dhún na nGall.